Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D'imigh Barney Coyle go Glaschú i 1948, an chéad uair a d'imigh Barney go Glaschú. Ní raibh sé sa bhaile fá choinne oíche l'Eoin agus chuaigh sé thall i mbád ó Dhoire. | 00:02:21 | |
D'imigh Barney Coyle go Meiriceá i 1957 ar obair siúinéireachta i Nua Eabhrac go dtí 1962. B'éigean dó bád a fháil ón Chobh i gCorcaigh. Fuair sé pósta le linn an tréimhse sin. | 00:08:17 | |
D'imigh Barney Coyle go Alaska i 1969 ag obair ansin go dtí 1992, idir 1969 go 1992, bhí Barney ag gabháil anonn agus anall go Alaska, ag déanamh obair tógála, siúinéireacht ach an chuid is mó den am ag obair i gcampaí ar an Trans-Alaska Pipeline. | 00:12:33 | |
Deacrachtaí a fhágáil abhaile agus do chairde fá choinne saol eile. Is é an rud céanna do na inimircigh ag teacht go Éireann sa lá atá inniu ann. | 00:01:23 | |